Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Kells, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 148

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 148

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 148
  3. XML “An Feirm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dá bodógín atá againn sa bhaile Leithínac is Smólac a tugaimíd ortha. Ó Acha Tiobrid a tháinig Smólac. Do ceannuigheamhar í ó fear dárb ainm Míceál Ó Conchúbhar. Is ó fear ó Neidín a ceannuigheamar Leithínac is níl aon aithne agam air. Bó ana mhaith iseadh Leithínac bíonn bucéid mór bainne aiche is coimeádann sí bainne suas le trí mhí roimh tórmaig. Tá morán piseóga ag gabhhail le ba ins na h-áiteanna seo. Fadó bhí fear ins na Ródaibh is ní raibh aon rath ar na buaibh aige. Lá amháin fuair ceann do's na buaibh bás. "Ta's agam cad a déanfaimíd as so amac" ars' an bean. An céad bó a ceannuigimíd coimeádaimíd an tead a bhead uirthi. Seadh cuaidh sé go dtí an t-aonach is ceannuig sé bó is thug sé an téad leis.
    Nuair a tháinig sé abhaile cuir an bean an téad i gcoimeád in-áirde ar an locta. Nuair bhí a mhac seact mbliadhna d'aois cuaidh sé ináirde ag scaoileádh na téada. Ní dubairt an bean focal ach suas leí agus fuair an garsún sgannradh maith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Curráin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Roads, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Éibhlín Bean Uí Curráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    44
    Seoladh
    Roads, Co. Kerry