Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 158
- XML “Clocha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí alán sprid tímcheall na h-áite fadó ach do chir Naomh Pádraig íad ag déanamh súgáín as an ghainimh. Bhí loc tímceall na h-áite agus cíodhfaidís bean áluinn agus í ag marcaidheacht ar capall ban. Téigheadh na fir uáisle ann cun í a pósadh ach ní pósfadh sí aon fhear a thabharfadh stróinseár cuíchi, Lá amhain tháinig fear agus do pós sé í agus bhí sí sásta agus do dhein sé amhran. La amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile buail fear leis ar an mbóthar agus tháinig an fear leis go dtí an tig. Nuair a connach a bhean an fear óg as go bráth leí go dtí an loch mór. Bhí an fear go brónach annsan.Maidean bréagh na dhiaidh sin connaic na daoine í airís agus bhí sí ag cíoradh a cuid gruaige ach níor cuaidh aoinne cúichi agus lá amháin bhí an fear boct ag íascaireacht san loch san agus d'eirig tonn san bhfarraige agus do báthadh é.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry