Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 162
- XML “Sean-Nósanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá alán nósa ag na sean daoine mar gheall ar an t-uisce in a níghidís a gcosa. Deirtear ba cheart an t-uisge sin a ghortadh mór tímceall an t-úrláir agus annsan ní thiochfadh na púcaí go dtí an tigh in aon chor.Oidhche amháin bhí bean agus níor ghort sí an t-uisge ar an t-úrlár agus nuair a cuaidh sí a codhladh tháinig na púcaí isteach. Ní raibh aon uisge aca cun té a dhéanamh agus cuireadar an bean as an leabaidh go dtí an tobar cun uisge d'fághail.D'éírig sí is do cuaidh sí go dtí an tobar agus bhí sí ag gol mar bhí eagla uirthi rómpa. Nuair a bhí sí ag líonadh an mbucaod tháinig fear cúici agus dubhairt sé "nuair a raghair go dtí an doras abair "Tá slíabh-na-mban mbeann go léir fé ár lasaireach.Nuair do cuaidh sí abhaile dubhairt sí é sin agus do thosnuig na púcaí ag rith amac agus íad ag screadaig "Mo bhean is mo clann, mo bhean is mo clann."Nuair a bhíodar amuigh do cuir an bhean an glas ar an doras agus annsan do ghort sé t-uisge a níghe a cosa mór thímceall an t-úrláir agus thángadar go dí an doras arís agus níór fhéadadar teacht isteach agus níor dhein an bhean dearmhad ar an t-uisge aon uair eile ná ar an glas a cuir ar an doras.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry