School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
![The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 284](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_284.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 284
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is mó áit atá le tasbáint dúinn go raibh fotarach ann úair amháin. Tá ceann tamall óm tigh seo agus ceann ana uaigneach iseadh é. Aon duine a gabhadh tar an áit tar-éis tuitim na h-oidhce geibheadh se bás. Do bhí cáilín beag timceall a deich bliadhain d'aois drefiúr do máthair mo atar-se do beadh í. Bí sí ag piochadh cró agus connach sí seana-bean in a suidhe in aice an lios Bhí an cáilín ag faire ar an bean agus cuaidh sí as an áit agus an cáilín ag faire uirte agus ní feaca sí í. Cuaidh an cáilín abhaile agus ní fada do mhair sí tar-éis dul abhaile dí.
Tá cúpla rath gur fiú tracht ortha sa paróiste. Tá ceann aca i Gleann Loch. Tá se ann ó bhí na Tuatha Dí Danann in Éirinn ní le aoinne é. Deineadh iaracht ar é leagadh ach ní leagadh é. Ní féidir é do leagadh. Tá rath éile i Dromleab is mó duine a deineadh uaigneach ann agus iadh ag teacht abhaile ó aonach nó ó aon áit in a bidis. Do bhí garsún ag teacht abhaile ó aonach connach se fear ann dubhairt an fear leis aire do tabairt don rath mar is ann do marbuigeadh é in aimsear na crudtan in Éirinn.- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female