Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0105
  3. XML “Uamhain Chill Chóirne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uamhainn Chill' Chóirne
    (1)
    Thuas ar bhárr Bhéil na Tulach (Corkscrewhill) tá uamhainn nó pluais. Uair amháin chuaidh mór-sheisear de na buachaillí ba bhreaghachta a bhí sa bparóiste, chuaidh siad isteach san uamhainn seo, féachaint céard a bhí istigh nó cé'n sort áite a bhí ann. Thugadar beartanna tuighe is coinnlí go leor leo leis an áit a lasadh suas dóibh féin. I gceann achair bhí idir coinnlí is tuighe caithte aca, agus gan fhios acab cá rabhadar. Chuadhadar tré uisce is tré salachar agus tré na bóithrí ba bhreághachta dá bhfacadar ariamh.
    Nuair a d'airigh a muinntir ar iarraidh iad chuaidh siad gá lorg. Chruinnigh sluagh mór ag béal an phuill, is ba gheall le socraid an méid aca a bhí ann. Thar éis trí lá is trí oidhche tháinig siad amach, is iad tuirseach caithte. Casadh sagart leo istigh san uamhainn, sagairt a cailleadh sa bparóiste tamall roimhe sin, agus sé a chuir ar an eolas iad. Labhair sé leo agus d'aithin siad é.
    (2)
    Thárla sé seo ag an uamhainn céadna, Uamhainn Chill' Chóirne. Bhí garrdha breágh coirce ag an bhfear seo in aice an uamhainn. Bhí an coirce fásta 'na gheamhair maith láidir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraic Ó Nualláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe