Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0133
- XML “Scéaltaí faoi na Sióga”
- XML “Scéaltaí faoi Thimpistí Farraige nó Thóiteán Mór a Tharla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sgéaltaí faoi Timpistí Fairrge nó Tóighteán Mór a thárla.(1) Bhí bean ó Bhaile an Chléire ag baint feamainne agus bhí a muinntir go léir in éindigh leithe. Bhí siad ag obair go dian nó go dtáinig an trathnóna. Ghlaodh an bhean ar bean óg eile agus bhí siad ag siubhal go bhfaca siad an taoille ag teacht isteach. Tháinig fatchíos ar an gcailín óg agus thug an bhean eile misneach di. Bhí an bean ag iarraidh an cailín a bháthadh ar feadh an ama ach bhí an cailín níos láidre ná an bean. "Tar amach" arsan bean "agus glanfaidh muid ár gcosaí. Dhiúltaigh an bhean ach thug an bean eile misneach di agus ar deireadh thiar thall chuaidh sí leithe. Nuair a bhí siad amuigh san bhfairrge rinne an bhean iarracht an cailín a bháthadh ach thosuigh sí ag sgréachaighil agus tháinig a muinntir chomh fada leithí agus chuir siad an bhean abhaile. Sa trathnóna chuaidh na fir abhaile ar [!] fuair siad an bhean crochta le rópa san "manger".(leanann ar an chéad leathanach eile)