Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0143
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuan. Rug 'Peeky' ar an 'pocker' a bhí dearg agus sháith sé isteach ins an súil amháin a bhí ar bhaitheas an fhathaigh. Dhúisigh an fhathach is rug sé ar a fáinne draoidheachta. Ní raibh sé in an aon rud a fheicheál is bhí fearg air. Rith an triúr amach is an fathach in a ndiaidh. Chaith an fathach an fáinne agus cé'n áit a chuir sé é acht an méar mhór chos cheann de na buachaillí. Annsin ghlaoidh an fathach amach "cá bhfuil tú". D'fhreagair an fáinne ar cos an bhuachaillí "tá mé annso". Bhí an fathach ag teacht ortha. "Ó" arsa 'Peeky' "tá sé ag teacht." Fuair sé scian is ghearr sé an méar as cos an buachall is chaith sé síos i bpoll mór é. Nuair a bhí fathach in aice an poll ghlaoidh sé amach "cá bhfuil tú". "Tá mé annso" arsan fáinne i dtóin an phuill. "Tá tú agam" arsan fathach agus thug sé léim le breith ar na buachaillí mar a cheap sé agus síos leis go tóin an poll is marbhuigheadh é. Chuaidh an triúr ar ais go dtí an teach is bhí an bhean ag caoineadh le áthas. Rinne sí béile mór dóibh. D'ith 'Peeky' a sháit ach ní íosfaidh an buachaillí aon rud. "Óra cé'n fáth nach n-itheann sibh" arsan bhean. D'innis siad a sgéal di annsin. "Ó beidh sé sin an deachar" arsan bean "mar tá fathach mór is dream saighdhiúr ghá cosaint. Tá fhios agam ar an áit a bhfuil sé." D'innis sí a sgéal annsin agus chonnaic sí iad ar a bhealach, ar cos a bhí siad. Bhí siad ag imtheacht ar feadh na h-oidhche agus ar maidin chonnaic siad an teach. Rinne siad air. Tháinig siad go cúl an tighe in a raibh an capall le na 'bells' ach bhí ionamarca solas le aon rud a dhéanamh agus bhí saighdiúrí ag imtheacht is fathach mór na dá cheann le biadh agus aire a tabhairt do'n capall. Ar tuitim na h-oidhche goidh siad anall leis an stábla agus isteach leobh trídh an bhfuinneóig. Nuair a dhúisigh siad an capall chraith sí [!] é féin is na 'bells' agus dhúisigh sé an teach. Sul a raibh am aca aon rud a dhéanamh rug na saighdhiúri ortha. Thug siad isteach go dtí an teach iad in a raibh an fathach is bhí pota mór lán d'uisge síos le iad a bhruith. "Ó" arsan fathach "is tú is fearr agus rug(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Riocáird de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe