Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 073
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba greanmhar na scoileanna a bhí ann roimh na Scoileanna Náisiúnta a chur Dómhnall Ó Connaill ar bun san bliadhain 1838. Bhí na Péin Dlighthe i bhfeidhm agus níor leog na Sasanaig aon foghluim bheith san tír; dá bhríg sin do bhíodh máighistir ag dul ó áit go h-áit ag múineadh na geafairí. Scoileanna Scairte a tugtar ortha mar fén scairt agus fán tor a bhíodh an rang scoláirí. Fén aér fholáin, breágh, úr, a bhíodh an fhoghluim. Bhí ceann aca shoir i Gortafúara comhngaracht don scoil nua agus dob é an Casúrach (Ó Suilleabhain) a bhí mar mhaighistir ortha. Bhí ceann aca i gCeapach Mór ar an gcrois agus ceann eile i Ré Chaisleach. Tá sé ráidhte go raibh ceann aca ins na Ródaibh ó thuaidh ó Cúan Cúilín in aice thíghe Hanfinn. Botháinín dob eadh é déanta as clocha agus é clúdaighthe le díon. Tá rían na scoile ann fós agus cuid den fothrach na sheasamh fós. Donnchadh Geanncach (Muinntear Currain) darbh ainm don mháighistir ó Cuanana a tháinig sé, agus anois cun na Ródaibh leis. Caithfeadh na scoláirí piginn gach seachtmhaine a thabhairt don mháighistir. Níl aon deallraimh leis anois faigheann na múinnteóirí págh ón govenéir, tá sé saor anois dul ar scoil. Dob é an fáth go raibh na scoiláirí ag thabairt an t-airgead don mhúinnteóir ná cun é do bheathúghadh. D'fagadh sé teas is fothain ó na cómhairsain agus biadh leis. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Na Ródaibh, Co. Chiarraí