Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0192](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0192.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0192
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- Do bhí baintreabhach bhocht ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici agus bé an ainm a bhí air ná Seán. Do bhí sé
simplide ann fhéinig; chómh simplide san agus dá bhfagadh
sé aon éadach fóghanta ná caithfeadh sé iad ach an t-éadach ba mheasa a gheobhadh sé. Ní raibh aoinnidh de stras an
tsaoghal agá mháthair ach dá ghabhar a bhí aici agus buicín
i ndubh luachair na bliana.
Do mhair Seán agus a mháthair mar a mhaireann a leithéidí
go bráth; lá a ndótháin aca agus lá eile gan ach ocras ortha.
Ach trí olc agus maith bé gnó Sheáin aire a thabhairt dos na(leanann ar an chéad leathanach eile)