Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- Do bhí baintreabhach bhocht ann fadó agus do bhí aon mhac amháin aici agus bé an ainm a bhí air ná Seán. Do bhí sé
simplide ann fhéinig; chómh simplide san agus dá bhfagadh
sé aon éadach fóghanta ná caithfeadh sé iad ach an t-éadach ba mheasa a gheobhadh sé. Ní raibh aoinnidh de stras an
tsaoghal agá mháthair ach dá ghabhar a bhí aici agus buicín
i ndubh luachair na bliana.
Do mhair Seán agus a mháthair mar a mhaireann a leithéidí
go bráth; lá a ndótháin aca agus lá eile gan ach ocras ortha.
Ach trí olc agus maith bé gnó Sheáin aire a thabhairt dos na(leanann ar an chéad leathanach eile)