School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 177

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 177

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 177
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leigheas ar dhealgnach= súbh col-faithche a ól trí mhaidín indiaidh chéile. Brúighadh cloiche= Aran bán agus é comh te agus thiocfadh leat a sheasamh, a leagan air agus bhéarfadh sé amach an droch-rud a bhéadh istuigh ann. Leigheas ar phlucamuis= Duine a mbéadh athair agus máthair de'n sloinneadh amháin aige iad é thabhairt amach ar adhastar go srúthán uisge agus é trí bholgam de'n uisge ól. Tinneas cinn= neasg a dheánamh oidhche Fhéie Brighde agus codladh go maidín ann agus ní thiocfadh tinneas cinn ort go cionn bliadhna. Plúirísí= teangaidh madadh ruadh bhruith agus an súbh a ól. Aicíd na ngamhna= Caithfidh tú gárlóg do bhruith agus an subh do chur fríd bainne na bó agus é do thabhairt do le h-ól. An bhó a bhfuil casachtach uirthí agus í gortuighthe tá slatacha cuimilte ag fás i n-áiteacha le biseach a dheánamh díthe. Sgath-ionga= Na h-ionga do nighe le h-uisge [loch?] agus galúnach do chur leo mar phlástar. Piannta cluas= iad do líonadh suas le éadach cadáis, agus olainn caorach tré na chéile. Léigheas dóghadh croidhe= Sóid agus bainne do chuir fríd a chéile agus leath-chupa de ól. Léigheas dá ngearrfadh iarann thú= Tá bean ann a dtugtar "bean an iarainn" uirthí agus thig léithe an mheirg do bhaint amach as an chneidh. Buidheachan= bachrán a ól trí h-uaire gach lá roimh do bhricfeasta, roimh dp dhinnéar agus roimh do chuid tae. Léigheas cait-bhráighid= An seachtmhamh mac nach bhfachaidh a athair ariamh trí séideóga do chuir isteach i n-a bhéal. Aicíd an bhainne= Caithfidh tú na bó a nighe le na cuid bainne féin acht í do nighe roimh éirghe gréine gach maidín. Aicíd a rubaill= bárr a rubaill a sgoilteadh trí ghráinín gáirleoige a chur ann agus é a fhuaghail arís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curráin
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal