School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 245
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siad arán de phréataí fuara agus sgríobtha. Sin an cinéil aráin agus é bruidhte ar na h-aibhleogaí.
    " Ag deánamh rudaí amach as cnámhaibh agus as adharcaibh".
    Fadó, ní bhíodh móran soitheach ag na daoine le dadaidh a chongbháil daobhtha, nó bhí na soithigh eile ró-dhaor le ceannacht. Ba ghnáthach leo rudaí a dheánamh amach as cnámhaibh agus as ádharcaibh. Ar dtús báire théigheadh beirt fhear amach chun na páirce agus an bhó ab'fhuide a mbíodh adharca uirthí gheárrfaidhe an bárr díobh le seá. Nuair a bhíodh siad geárrtha acú bheireadh an fhear arbh' leis an bhoin ceann de na h-adharca do'n fhear eile ar shon cuidiughadh leis. Thiocfadh leo annsin rud ar bith ar mhian leo a bhaint amach asta.
    Cuid acú a bhaineadh úsaid asta chun púdar a ngunna a chongbháil ar eagla go bhfuigheadh na péas amach cá raibh sé. Bhaineadh cuid eile de na daoine úsaid asta tré ola a chur isteach ina na lampaí. Is iomdha duine fosta a d'óladh a sháith póitín amach as adhairc.
    " Ag déanamh rudaí amach as cnámhaibh
    Ghníodh ár sinnséar rudaí amach as cnámhaibh fadó fá choinne cásaí pioctúirí, coinnleoirí, lampaí agus cosa sceana. Ar dtús ghniodh siad na cnámha comh mín le púdár, agus mheasgadh siad suas i n-ola é, "ola bhuidhe". Annsin léigheadh siad an dá chuid i gcupa ar an dteinidh. Nuair a bhíodh siad léighte, dhóirteadh siad síos ar an urlár é. Bhíodh lacht dheas leathán deánta annsin acú, agus thiocfadh leo é oibriú achan ndóigh ar mhian leo. Sin an dóigh a ghníodh siad na rudaí sin. Corr uair nuair a bhíodh siad ghá léigheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Éamonn Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    61
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal