School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 280
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an fhairrge. Tá sé an-leathan fosta agus tugadh mar ainm ar an chuibhreann-"An Cuibhreann Mór".
7. Tá páirc bheag eile talaimh ag síneadh ó theas go tuaidh agus eas mór ar gach taoibh dí. Baisteadh ar an áit "Eadar an dá easán".
8. Ta píosa eile talaimh ar an taoibh theas de "Eadar an dá Easán" agus sé an t-ainm atá air, "An Cuibhreann bán", Féar garbh bán a bhíodh ag fás ann agus ba é sin an fáth ar tugadh an t-ainm sin air.
(Níl na h-ainmneacha seo leanas ar fheirm m'athar).
9. Tá páirc mhór eile talaimh ag daoine eile ar an bhaiole agus sé an t-ainm atá uirthí "An Mhalaigh Bhuidhe". Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin uirthí cionn'us go rabh cuid mhór bochalláin bhuidhe ó bhun go bárr.
10. Tá lag iseál ar an taoibh theas de Mhachaire Rabhartaigh agus sgraith iongantach bhog ann agus bheireann na daoine " An Scraith" mar ainm ar an áit.
11. Thíos ins an dumhaigh tá árdán mór a bhfuil múirineach ag fás air agus sé an t-ainm ata air "Méala na coimheada" Sé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air mar go mbiodh daoine ar a dteitheadh agus bhíodh siad i bhfolach ag coimhead ar an ardán.
12. Ar an taoibh i bhfus de'n dumhaigh tá paiste beag cothrom talaimh agus é ag síneadh amach ar an tráigh agus cionn'us é bheith ag taoibh an uisce tugadh mar ainm air "An t-Innsean". - Tá na h-ainmneacha seo go léir i Machaire-Rabhartaigh i bparróiste Chloich-Ceann-Fhaoilidh, i mbarúntacht Chill Mhic Éanáin.
"Cuibhreann Dhomhnaill Óig":- Tugadh an t-ainm sin air(continues on next page)