School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 298
  3. XML “Seo Lucht Siúil Eile”
  4. XML “Lucht Siúil”
  5. XML “Cuntas Eile fá Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Domhnall dall:- Ní rabh mórán múnadh ar an fhear seo. Chaitheadh sé lóistín a fhágháil i ngach teach a mbíodh sé ann. fear mór malaí a bhí ann. Agus bhí a ainm féin ar gach mála aca.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Róise an mhadaidh:- Ba as Dún -Lúithce Róise agus bhi sí ag dul thart ag cruinniughadh uibheach agus rudaí mar sin. Bhi trí madadh léithe corr uair agus bhíodh bata léithe fosta. Bhi na madaidh foghluimthe le léim a thabhairt thar an bhata. Bhí sí i n-America ar tús acht bhuail aicíd í ar a dtugann siad an fiabhras creatha air agus b'éigean díthe a theacht chun an bhaile. Málaí a bhí déanta de éadach gharbh a bhíodh leóbhtha. Bhíodh fáilte mhór roimh 'na bacaigh fadó. Chodluigheadh siad i dtoighthe na comharsan. Bhiodh siad dhá oidhche ionnta. Bhíodh go leór sgeáltaí agus paidreacha aca. Chruinnigheadh cuid mhór daoine isteach ins na toighe a d'éisteacht leóbhtha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. fadó ba gnáthach le cuid mhór i gceart bacach a bheith ag gabháil thart. Seo cuid díobh Eibhlín Woods, Aodh na-coise, Tomás an Sparáin, Paddy Máirtin Anna an oileáin, Síle dubh-n- uibheach , Pádraig - na - sguab, Tam na spág, Seán Bán, Máire Pet.
    Eibhlín Woods :- Ba as Íochtar na Rosaibh í bhí sí na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal