School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 321
- XML “Drochamharc a Dhéanamh ar Eallach”
- XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag an teinidh, agus dubhairt sé le Pádruig, " Nach mór an méid bainne atá ag do bhó-sa nuair atá tú ábalta a bheith ag buaileadh gach seachtmhain?" Thug Pádruig fé-dear nár dhubhairt sé "Rath ar do bhó", nó a dhath mar sin, agus d'éirigh sé agus d'iarr ar Sheán an doras a bheith aige. Annsin nuair a bhí Seán ag gabháil amach ar an doras rith Páduig fá-choinne soitheach an uisge choisreactha agus thoisigh sé ghá chrathadh indiaidh Sheáin, acht thionntóigh Seán thart agus dubhairt sé le Pádruig " Mo sheacht mallacht ort féin agus ar do bhó agus tá súil as Dia agam go mbéidh sí marbh roimh sheachtmhain indiu". B'fhíor dó. Seachtmhain ó'n lá sin fuair Pádruig an bhó marbh ar an téad. Ba é an gnás a bhíodh ag na sean-mhná fadó rach a chur ar rud go h-áirid bainne nó im nó rud ar bith mar sin. Fadó nuair a bhíodh bean ag deánamh suas ime agus leadhb do tuitim ar an urlár nó isteach i mbuicéid an uisge, deireadh sí, "B'fhéidir go raibh sé a dhíoghbháil ins an áit a ndeachaidh sé?" Fosta is iomdha bean agus dá dtuiteadh an measgán iomlán uirthí bhéadh sé mar an gceudhna
- Aicideacha a leanas Eallach
Aícid an bhainne, aícid an bhuilg, an Galar Sgráthach, aícid an umha, tochas nó aicíd an chroicinn, fárthainn(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal