School: Machaire Rabhartaigh

Location:
Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 323

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 323

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Machaire Rabhartaigh
  2. XML Page 323
  3. XML “Aicídeacha a Leanas Eallach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an aicid seo ar go leór ba. Na daoiní iad féin a mhilleas an t-eallach is cionnta leis. Cur i gcás, bean a théigheas a bhlighe bó agus deifre uirthí agus gan í leath an bhainne a bhaint de'n bhó agus annsin an bhó sin a bheith gan bhleaghan go dtí an t-am sin de'n lá thar na mharach. Tosuigheann an bainne a theanadh ar an bhó. Sé an léigheas atá air, trí buicidí uisge fhuair a thabhairt de'n bhó roimh eirghe gréine gach maidín. Léigheas eile atá air. Cuireann cuid de na daoiní uisge coisreactha nó uisge beannuighthe síos i n-a mbolg agus deir siad gurab é sin an léigheas is feárr. Aicid an ugha, Tigeann an aicid seo ar go leór ba. Sé an fáth a bíos leis cur i gcás bó indiaidh breith. Líonann an ugha lán bainne, annsin eírigheann sí lasta dearg. Sé an léigheas atá air im úr nó bealthughadh a chuimilt de'n ugha. Aicid eile is eadh an domlas mór:- Sé is ciall le domlas mór, Tá rud mór istoigh ins an eallach ar an taobh thiar de'n stéic agus dath glas atá air. Ní féidir bó ar bith a leigheas leis an aicid seo muna dtugthar fé ndeara é roimh dhá lá. Sé an dóigh a n-aithnightear go bhfuil an aicid seo ortha. Tigeann cnapáin bheaga ar dhá taobh na stéice ar an taobh amuigh agus sé an fáth go dtigeann an dá chnápan sin: Nuair a thigeas an domblas mór fhad le taobh na bó atann an taobh istigh agus annsin ní feidir í a leigheas muna dtugtar fá deara é uirthí an cheud dhá lá.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal
    Informant
    Donnchadh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Mín Lárach, Co. Donegal