School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an aicid seo ar go leór ba. Na daoiní iad féin a mhilleas an t-eallach is cionnta leis. Cur i gcás, bean a théigheas a bhlighe bó agus deifre uirthí agus gan í leath an bhainne a bhaint de'n bhó agus annsin an bhó sin a bheith gan bhleaghan go dtí an t-am sin de'n lá thar na mharach. Tosuigheann an bainne a theanadh ar an bhó. Sé an léigheas atá air, trí buicidí uisge fhuair a thabhairt de'n bhó roimh eirghe gréine gach maidín. Léigheas eile atá air. Cuireann cuid de na daoiní uisge coisreactha nó uisge beannuighthe síos i n-a mbolg agus deir siad gurab é sin an léigheas is feárr. Aicid an ugha, Tigeann an aicid seo ar go leór ba. Sé an fáth a bíos leis cur i gcás bó indiaidh breith. Líonann an ugha lán bainne, annsin eírigheann sí lasta dearg. Sé an léigheas atá air im úr nó bealthughadh a chuimilt de'n ugha. Aicid eile is eadh an domlas mór:- Sé is ciall le domlas mór, Tá rud mór istoigh ins an eallach ar an taobh thiar de'n stéic agus dath glas atá air. Ní féidir bó ar bith a leigheas leis an aicid seo muna dtugthar fé ndeara é roimh dhá lá. Sé an dóigh a n-aithnightear go bhfuil an aicid seo ortha. Tigeann cnapáin bheaga ar dhá taobh na stéice ar an taobh amuigh agus sé an fáth go dtigeann an dá chnápan sin: Nuair a thigeas an domblas mór fhad le taobh na bó atann an taobh istigh agus annsin ní feidir í a leigheas muna dtugtar fá deara é uirthí an cheud dhá lá.(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal
- Informant
- Donnchadh Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal