School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chruinnigh muinntir an bhaile agus siúd síos leo Fuair siad Éamonn i n-a shuidhe istigh sa charr amuigh ins an uisce ag "Gob an Chlóchain". Dubhairt sé fhéin gur na daione beaga thug leo é. Bhí an fear seo lá eile ag teacht anall an tráigh agus an capall ag siubhal leis ar a shuimhneas. Bhí sé idir dall a's dorchadas san am. Nuair a bhi sé abhus i lár na trágha d'imthigh an capall ar an daoraidh. Níor stad sé nó go deachaidh sé treasna an "Ranaidhe Ruaidh", fríd a rabh de chlaidhteacha ann agus fríd achan ghárradh a bhí rompa. Shíl achan duine nach mbéadh Éamonn nó an capall beo agus d'imthigh siad i n-a rith fá choinne greim a fhágháil ar an chapall acht chá rabh maith ann. Níor stad an capall nó gur shroich sé an baile. Ní rabh oiread agus geárradh amhain ar Éamonn acht tá mise ag innse duit go rabh an capall sáruighthe go maith. Mheas achan duine go bhfacaidh an capall taidhbhse.Aicideacha a leanann capaill.
Seo cuid aca:- Galar garbh, fóch, salachar béil, nó grainneóga, buidheachan, Na léigheasanna atá ortha.
Galar garbh.Bheirtear tae te agus uisge beatha do chaiple a mbíonn an aicid seo ortha. Téightear suas iad le uisge te a chuimilt ortha agus fós buiceád de uibhleóga a chur faobhtha.
Fóch. Bheirtear greadadh de phór capógach agus í tirm do chaiple a mbíonn an aicíd seo ortha. Cineál de chasachtach atá annseo agus maireann sé tamall fada.
Salachar béil:- Cnapán é seo agus bionn sé ar an taobh astuigh de'n bhéal ar na caiple. Dóigheann na daoiní ar shiubhal é le iarann dearg te a chuimilt ar an chnapán. Cuireann seo ar shiubhal go sásta é. Bheirtear grainneóga ar an aicid seo fosta.
Buidheachán:- Gheibh caiple go leór bás leis an aicid seo nó tá sí iongantach olc. Gheibhtear púdar ins na siopaí fá choinne an aicid seo a léigheas. Níl fhios ag na daoine léigeas ar bith eile nó is goirid a fuair siad fios uirthí. Láidreacht, mong, agus súile an chapaill-Tá capall(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Gaedhigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Donegal