School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 040
- XML “Triall an Fhir Mhairbh”
- XML “Seán gan Eagla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chómh nimhneach san gur mheasadar gur chuaidh sé tríotha agus an neómat ceudhna thuit an bheirt i bhfanntasaibh, agus bhí aithint an laé ann nuair a thángadar chúcha féinig agus ní raibh tásg ná tuairisg ar an marcach. Chasadar leó na ba go dtí an aonach agus scaradar leó ag deunamh amach ar mheádhon laé. Ba mhinic na dhiaidh sin iad ag gábhail an treó ceudhna ach gan amhras níor chuireadar isteach ar an bpáirc ceudhna riamh o shoin.
- Bhí bainntreach ann fado is bhí mac is fiche aice. Nuair bhíodar go léir fásta suas dúbharadar le chéile lá amháin nách mithid dóibh imtheacht chun deunamh dóibh féin agus dubhairt an driobhthár ba shine - Seán go dthagaidís le chéile arís ag an gcrois ceudhna 'nar scaipeadar ó'n a chéile i gcionn laé is bliain. D'imtig "Seán ina bhóthar féin annsan is do theanga leis duine uasal le capall is caráiste ag cur a' bhóthair de. Labhair sé le Seán is dúbhairt. "Cioca buachaill ag lorg máighistir tú no maighistir ag lorg buachaill." "Buachaill(continues on next page)