School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Cork
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 093
- XML “An Bhean Sí”
- XML “Leigheas do Phian”
- XML “Leigheas an Dúradáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an chapall fé'n dtrucaill is d'imthig sé air. Ar a shlíghe do ní fheaca sé aoinne ar an mbóthar agus ní raibh solus in aon tigh a bhfeaca sé. Bhí sé ag cuimhneamh annsan gurb' amhlaidh a bhí gach aoinne imthighthe ag bfhéidir go mbéadh sé déanach. Cuir sé an capall ar shodar annsan i dtreó ' s go mbeidh mór chuid de'n mbóthar curtha dhe aige sar a bhreacfhadh an lae. Nuair a shrois sé "Poll na Bró chonnaic sé le solus a lampa bean ag siubhal roimis agus dúbhairt sé leis féin annsan gur ag dul chun an aonaig a bhí sí agus go dtabharfhadh sé marcaidheaht di. Chuir sé an capall ar shodar airís ach dhá méid mireacht a raghfhadh sé bhí an bhean ag dul níos mire. Sa deire tháinig sé suas léi agus d'iarr sé uirthi marcuigheacht a thógaint. Fhreagair sí é is dúbhairt sí
"Cuir do bhotar díot a dhuine
Mar is fada uaimse Cúige Uladh
Agus is gairid uainne glaodhach an choilig"
Thuig an fear annsan gur púca í is go raibh sé ró luath mar ní raibh an coilleach t'réis glaodhach fós. - Fear caoín ag mnaoi buirb corp Críost 'na luighe ar tolg deárna Muire is a mhic leis an ngreim.
- Tá dúrdán im shúil tá Dia ós mo cionn, tá an Mhaíghdean Mhuire idir dá glúin bain an dúrdán as mo shúil.