School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa chomharsanacht Cill-an-Disirt tá loch ar a dtugtar Loch an Ghuirt Ghlais agus agus oileán beag 'na lár. Bhí feirmeóir na chomhnaidhe inaice an locha. Aon oidhche do dhein sé taidhbhreamh go raibh ór i bhfolach ins an oileán in uaimh ann, agus inniseadh dó lathair na h-uaimhe. Do dhein sé mar dubhradh leis aon oidhche ar uair an mheadhon oidhche. Do thug sé aghaidh ar an oileán 'na aonar. Bhíodh daoine ag iascaireacht ins an loch an t-am sin agus b'fuiriste an rud dó bád d'fhagháíl. Nuair abhí sé ag deanamh ar an oileán d'airigh sé fothrom uathbhásach fé mar bheadh sluagh daoine ag troid le na chéíle.Do stad sé ag rámhadh agus do thosnuigh sé ag éisteacht. Thánaig tamall beag suaimhnis ar an gleó go léir. Do reír mar do cheap sé bhí daoine ann agus iad gá iarraidh daoine eile do chiúiniú le bladar. Fe dheire cuireadh críoch leis an bhfothrom ar fad.Annsan do dhein sé machtnamh. Dubhairt sé leis féín gur mhór an truagh é gan iarracht eile do dheanamh chun an óír d'shrois. Do thosnuigh sé ag rámhadh arís agus má thosnuigh do thosnuigh an fothromh ar an oileán céád uair níos measa ná mar abhí sé ar dtúais. Do cheap sé gur airigh sé an loch agus an talamh timcheall air ag craith le neart an fhothrimh go léir. Ní beag san do.(continues on next page)
- Informant
- Padraig Cioráin
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballyvohane, Co. Clare