School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (4)Tuairim 30 bliadhna o shoin bhí bád seólta darbh ainm "An León" ag teacht o Mhontreal go Luimneach le h-ualach. Bád Franncach ba eadh í agus ualach cruithneachta abhí uirthi.Bhí turas maith aici no gur shrois sí béal na Sionnaine. Annsan thánaig stoirm mhór agus chaitheadh an long anso agus annsúd ar an bhfairrge le neart na gaoithe go raibh sí i mbaoghal bhrisidh ar na carraigeacha.Tá baile fearthainn inaice Sráid na Cathireach in iarthar Co. an Chláir darb-ainm Quiltí. Iascairí is eadh an cuid is mó des na daoine ann mar tá an baile suidhte ar imeall na fairrge móire. Fir misneamhla is eadh iad san gan dhabht. Nuair do chonnaiceadar fuaireann na luinge i mbaoghal a mbás do bheartuigheadar dul chun iad do sabháil. Do chuaidheadar go tapaidh agus d'eirigh leo na mairnéalaigh go léir do thabhairt i dtír.Do thug riaghaltas na Frainnce cúiteamh dóib agus tógadh teampall beag deas ar imeall na mara mar bréagán inóir Máthar Dé. Tugtar Réalt na Mara ar an dteampall san.