School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 207
- XML “Cistí Óir i bhFolach - Cathair Dhá Chon agus Co Chiarraí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí táilliúir darbh ainm Tomás (-) na chomnaidhe i gCathair Dha Coun fadó. Do dhein sé taidhbhreamh trí oidhche ndiaidh a chéile go raibh ór le fagháil i bhfolach i gcaisleán darbh ainm Carraig an Fhóil i gCo. Ciarraighe. Duine tuigsionach ba eadh Tomás agus níor chuir sé mórán suime ins an scéal mar ni dheigh sé ag lorg an óir, pe rud é.Aon tráthnóna nuair abhí sé ag dul go Cill-an-Dísirt ar ghnó éigin do bhuail uime ar an mbóthar bean nach bhfeaca sé riamh. Do bheannuigheadar dá chéíle as Gaedhilg. D'innis an bhean dó gur thánaig sí go Co. an Chláír mar gheall ar thaidhbhreamh ar lorg fear darbh ainm Tomás (-). Annsan d'admhuigh Tomás gurbh é feín an fear sin agus gur dhein sé taidhbhreamh mar gheall ar a an ór. Do thug sí comhairle dó dul in éinfeacht léí ag lorg an óír agus do chaidh.Nuair do thanaigeadar i gcorsanamhacht an Chaislin do chuir an bhean fios ar thriúir fhir eile teacht in éinfheacht leo. Níor thaithnigh deallramh na bhfear sin le Tomás in aon chor ach níor labhair sé focal. Nuair thánaigeadar go dtí an caislean do thosnuigheadar ag scrúdú. Bhí fhios ag Tomás láthair na h-áite na raibh an t-ór ach bhí eagla air dá dteasbáinfeadh sé í do na fearaibh eile go mharbheóchadh siad é i gcoír an óir agus d' leig sé air go raibh sé dall maidir le láthair na h-áite. Do theip ortha é d'fhágháil(continues on next page)
- Informant
- Tomás Ó Deaghaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cahiracon, Co. Clare