School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm 'Biánconí' na chomhnaidhe i Leach na Sionnach tuairim fiche bliadhain o shoin. So shiolruigh sé ó Dhomhnall O Chonaill an fear a fuar 'Fuaiscilt na gCaitliceach' ar son na h-Eireann. O'Connell an t-ainm ceart abí ar an nduine sin ach ar bhás a mhathar (inghean do Bhianconí, an t-eadaileach) do thug sé an t-ainm 'Biánconí' air féin chun an dlighe do shásamh.Bhí bád ag Biánconí darbh ainm "an torc" a bhíodh ag taistil idir Cill-an-Dísirt, Cill-Ruis, Carraig na Cobhltaigh agus Cathair Luimnighe. Nuair a briseadh Biánconí dioladh gach rud a raibh aige agus 'na measg "an torc", bhí fonn ar mhuinntear Cill-an-Disirt an bád do dhíol cheannach ach do cheannach muinntear "Glynn" o Chill-Rius é. Ansan thánaig fearg ar dhaoine na Sráide agus do chuireadar an captaoin Lillis (?) go Glascú chun an "Glencoy" do dhíol ann.Aon tráthnóna Samhraidh do thánaig an "Glencoy" o Luimnigh go dtí an caladh. Bhí ualach urthi i gcóir Cathair dhá Coun - aol agus adhmad i gcóir masgthóra (?) abhí ag deisighiú tighe i gClifton i gcóir na mbean riaghalta - agus sin é an fáth gur thánaig sí idtír ins an gcaladh inonad teacht idtír ins an gcaoi. Nuair abhí an bád fé réir d'imthigh an captaoin Lillis abhaile i gcóir a dhinnéir go Cill-an-Disirt agus d'fhan na fir 'na dhiaidh ullamhú bidh dóibh féin.Tar éis tamail do chuaidh fuireann an bháid fé dhéin(continues on next page)