School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 240
- XML “Ráthanna agus Liosanna Cill an Dísirt - Lios Cormaic”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 2) Lios CormaicBhí triuir Fiadhaighthe ag taistil na tíre uair an mheadhon oidhche. Do chuaidheadar isteach i Lios Cormaic chun a sgith a leigint agus d'fhágadar na gunnaí ar an leachtán. Scaoileadh urchar gan éinne lámh a chur ar na gunnaibh. Do chuaidheadar abhaile go tapaidh.Tá cnoc inaice an leasa darbh ainm "Coffey's Hill" agus do réír tuairim na ndaoine do thug gach sprid in Eirinn cúaird chuig an cnoc sin ó am go h-am. Deirtear leis, go mbíonn bean Sidhe agus Solus le feiscint inaice an leasa ó am go h-am. Creideann na daoine gur leis na Sidhe an lios seo.
3. Lios CormaicTráthnóna samhraidh do chuaidh fear tríd an lios ar lorg a chuid beithidheach. Do fuair sé iad i gcúinne an leasa agus iad go léir marbh. Do chonnaic sé a lán daoine ag imirt liathróíde coise. Bhí fhios aige cuid aca a bheith marbh le deich bliadhna.Nuair do chuaidh sé abhaile is ar éigin a bhí cumas air labhairt. Thánaig teinneas air. Cuireadh fios ar an ndochtúir agus do fuair an fear bocht bás.
4) Lios CormaicDo dhein an fear gur leis é moinfheár do'n pháíc abhí inaice an leasa. Nuair abhí sé aibidh do bhain sé(continues on next page)- Collector
- Treasa Ní Ciarrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ballyvohane, Co. Clare
- Informant
- Seán Mac Cinnéide
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- Ballyvohane, Co. Clare