School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá fothaireacha sean-caisleáin suidhte inaice Baile na Caillighe. Máire Ruadh Bainhioghain Cill-Muire do thóg é céadta bliadhain o soin. Duine do thréibh MachGhamhain ba eadh Máire agus do réir an t-seanchuis níor bhean maith é in aon chor ach a mhalairt. Tá sé mar tuairim ag muinntear na h-áite go bhfuil curtha i bhfolach i gcorsanamhacht an Chaisleáin ach cá bhfuil an áit, sin í an adhb.
Do dhein bean i gCo. Mhuigheo taidhbhreamh trí h-uaire indiaidh a chéile go raibh ór le fagháil i bhfolach i gCaisleán an Dhaingin i gCo. an Chlair inaicebaile bhig darbh ainm Baile na Ceallaighe agus go gcuideóchadh fear {dahab.} Chambers léi, má is rud é go raibh fonn uirthí é d'fhagail. Inniseadh dí ins an dtaidhbhreamh tosnú a chur ar an obair an fhaid a bheadh an Sagart ag léigheamh Aifrinn Dia Domhnaigh.
Do chuaidh an bhean ag lorg an shaidhbhrus. Do shrois sí Baile na Caillighe Dia Domhnaigh nuair abhí an Sagart Paróiste ar tí an t-Aifreann d' léigheamh. Nuair abhí sí ag deanamh ar an Séipéal cé bhuailfeadh uimpí ach "Chambers", fear an thaidhbhrimh. Bhi fhios aici láithreach bonn cé bhí ann, cé na raibh aon aithne aici air go dtí san.
Do innis sí do'n fhear connus abhí an scéal aici, agus connus gur tugadh comhairle dí ins an dtaidhbhreamh a {chongnamh} d'iarraidh. D'aontuigh fear Bhaile na Caillighe dul ag cuidiú léi ar aon coingheall amhain go(continues on next page)- Informant
- Bean Mhic Mealláin
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Killadysert, Co. Clare