School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill an Dísirt (C.)
- XML Page 258
- XML “Scéalta Cruatan - Cruatan na nDaoine Fadó in Éirinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus a chlann na gcomhnaidhe i Lios Cormaic fadó, na tuismightheóirí, triuir mic, agus aon inghean. Do chuaidh ceann des na buachaillíbh chuig America cúpla bliadhain roimh an gorta. Bhí seisean i gcéim mhaith agus bhí sé ag tuilleamh a lán airgid. Do chuir sé a lán de abhaile chuig a thuismightheóirí agus dá bhrigh sin ba sonas an saoghal abhí ortha san go dtánaig an gorta.Annsan lobh na prátaí ar an dtalamh ach dá olcas an rud é sin ba mheasa an scéal abhí aca nuair do thánaig an fiabhras ortha. Do fuair an lion-tighe go léir bás ach amhain an t-athair bás. Bhí briseadh croidhe air san agus le neart an bhróín d'imthigh sé as a mheabhair.Do chuir a cháírde fios ar an mac abhí in America agus do thánaig sé abhaile gan mhoill. Do thug sé an t-athair thar nais go h-America in éinfeacht leis ach do fuair an sean fhear bás bliadhain ón lá d'fhág sé Éire. Ní mairfeadh sean-duine no seamróg i gcré na stróínséírí.
- Collector
- Máire Ní Cathasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Liscormick, Co. Clare
- Informant
- Micheál Ó Cathasaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 30
- Address
- Liscormick, Co. Clare