School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 250

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 250

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 250
  3. XML “Dóiteáin i nDún an Fheargus”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa bhliadhain 1920 bhí na Sinn Féíneig ag troid ar son na h-Eireann. Sin é an t-am a raibh saighdiúirí Shasana in Eirinn darbh ainm na Dubh-Crónaigh.
    Bhí ár dteaghlach suidte inaice le Baile na Caillighe darbh ainm Dún an Fheargus agus ba leis tighearna talmhan darbh ainm Major Ball (?) é. Do shioltuigh Ball ó na Gaill nidh nach iongnadh agus chaitheadh sé an chuid is mo dá shaoghail i Sasana.
    Bhí eagla ar na daoine go gcuirfeadh na Dubh Crónaigh fútha inDún an Fheargus agus do dóigheadar an tigh. Do shabháíleadar trosgán an thighe.
    Ní fhuair Major Ball aon cúiteamh as mar ní fhuigheadh sé geallamhaint an tigh do thógaint arís. Nuair do thánaig an Socrú d'imthigh sé as an dtír ar fad. Díoladh an talamh dhísle (?) leis na sealbhathóíribh timcheall deich mbliadhain ó shoin.

    2. Cúpla bliadhain o shoin do chuaidh tigh feirmeóra tré téíne i Lean-a Cúil inaice le Cill-an-Disirt. Do chuaidh an feirmeóír ar bhárr an chinn ag iarraidh é do shabháíl. Do thuit sé isteach sa teine agus dóígheadh é féín agua an tigh.
    3. Bhí fear darbh ainm Seán do Bhróín na chomhnaidhe sa Droichead Cill-an-Díirt. Do las coinnlí na Nodlag a thigh. oidhche Nodlag agus ní fuaireadh ach a chnámha ar maidean.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. fires (~306)
    Language
    Irish