School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá feirmeóirí na gcomhnaidhe ar na cnocaibh inaice an locha i ngort glas. Bhí gáirdín coircí le duine aca ag fás ar bhruach an locha beagnach. Ar maidean bhíodh sé curta ar eagar fé mar a bheadh capaill ag gabháil tríd ar feadh na h-oidhche. Níor thuig an sealbhthóir an ceist in aon chor. Fé dheire d'fhair sé an loch aon oidhche. Uair an mheadhon oidhche cad a chífeadh sé ach dream capall ag teacht aníos ón loch. Do chuaidheadar fé dhein gáirdín an choirce. D'itheadar a ndicheall ann agus annsan d'imthigheadar isteach 'na bhéal aige.Do thug se cúaird chun a t-sagairt agus do innis sé a scéal do. Do bheannuigh sé sin cré agus do dhein sé liathróid di. Dubhairt sé leis an bhfear dul chomh gar do na capallaibh agus gur feidir leis agus annsan an liathróid do chaitheamh i dtreo is go mbuailfeadh sé ceann aca. Dubhairt sé go stadfadh an ceann a thuitfidhe agus go m'éigin do é a thabhairt abhaile leisD'imthigh an fear agus do thuit gach rud amach díreach mar a dubhradh leis. Do thug sé an capall abhaile leis. An mhaidean 'na dhiaidh sin do chuir sé é ag obair. Ní misde a rádh gur capall maithe é. D'fhéad s gach sórt oibre a dheanamh ins an bhfeirm. Do thug an feirmeóir beannach do'n sagart an capall álainn a chur 'na threó(continues on next page)
- Informant
- Tomas Mac Cíosóig
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Paradise Hill, Co. Clare