School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear saidbhir 'na chomhbnaidhe i Leac na Sionnach cúpla bliadhain ó shoin darbh ainm O'Conaill. Bhí alán airgid i gcúirt an dlighe. Tugadh an t-airgead dó nuair abhí sé 21 de bhliadhanta. D'athruigh sé a ainm do Bhianconi chun airgid a mhathar d'fhághail. Do shiolruigh sé ó Dhomhnall O'Conaill. Inghean do Bhianconi an t-Éadálac a chur cárraí ag triail ó cheann go ceann na tíre ba eadh a mhathair. Nuair a bhí sí ag fághail bháis d'fhág sí a cuid airgid dá mac ar coingheall go n-athróchadh sé a ainm do Bhianconi.Bhí 94 acra talmhan aige agus tigh comhnuighthe ann ag Leac na Sionnach. Bhíod a lán fear oibre aige ag tógáil gach sórt oibreacha cloiche. Fear reamhair ba eadh é agus bhí a chroidhe lag. D'fhág sé an tigh álainn i mBaile Léana agus thánaig sé go Leac na Sionnach agus do chomhnuigh go ré ann i dtigh feirmeóra.Fear cneasta ba eadh é. Ciall sé radhairc a leath shúile sul a fuair sé bás. Bhí ceathrar ingheana aige ach ní raibh aon mac aige. Do bhí tréan ag rith tré a chuid talmhan. Do chaith sé a chuid airgid i gCill-an-Dísirt. D'éirigh cuid de na ropadóiríbh ana shaidhbhir mar gheall ar sin. Bhíodh péirreach beithidheach aige ag treabhadh agus ag tarraingt ualach ó chéadh Cill-an-Dísirt mar bhí bád(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Address
- Crovraghan, Co. Clare
- Informant
- Seóirse Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Crovraghan, Co. Clare