School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (2) Bhí tigh na mbocht suidhte ar bhárr cnuic os cionn na Sionnaine. Tógadh é tar éis an Ghorta 1847. Bhí óspidéal ag baint leis. Nuair do dhein na Sinn Féiners socrú le Sasana cuirreas muinntir an thighe sin go h-Inis agus go Cill-Ruis idir othair agus daoine eile chun airghid do shabháil. Annsan bhí an tigh gan daoine. Do dhoigh arm na poblidheachta é 1921.Do leagadh na fothaireacha cúpla bliadhain o shoin agus do cuireadh na clocha chun tighthe beaga i gcóir fear oibre do thógaint. Comhartha bochtanais ba eadh tigh na mbocht. Comhartha sonais agus go bhfuil an tír ag dul ar aghaidh is eadh na tighthe deasa atá fa láthair ceadna anois.
(3)Dóighteán Tigh an Mhinistéra ProtastúnachBhí tigh an mhinistéara suidhte timcheall 3/4 míle ó Chill-an-Dísirt i bhfuidhneise na Sionnaine. Do dóigh ann an poblidheachta é mar bhí eagla ortha go gcuirfeadh saighdhiúirí an t-Saor-Stait fútha ann.Deir daoine eile gur dhoigh aon clann amhain i gCill-an-Dísirt é le súil go bhfaighidís féin an tigh agus an talamh timcheall air. Ní fuair an clann céadna é mar dioladh na fothaireacha agus talamh do siopadóir i gCill-an-Dísirt ar £800.