School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 02_021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 02_021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 02_021
  3. XML “Scéal Barúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus do sníomh agus gach rud a dhéanamh leí mar do bheadh ag teastáil uatha. Tamall maith san oidhche do bualadh an doras aice agus do chuaidh sí go dtí an doras agus d'oscail sí é agus ní fhacha sí tada go ceann tamaill mhaith agus sa deire do chonnaic sí solós beag uaith agus céard do bhéadh ann acht na mná sidhe do bhí ag teacht go dtí í i gcomhnuidhe. Tamall gearr 'na dhiaidh sin do bualadh an doras aríst agus d'oscail sí é do tháinig na mná sidhe isteach agus do suidh siad síos ar an stól agus do caith siad féin agus fear an tighe gal tobach. Annsin d'fhiafruigh siad do'n mnaoi an fuair sí an t-éadach. Dubhairt an bhean go bhfuair agus dubhairt siad féin gho sníomhfadh agus go gcárdáileadh siad an t-olann leis an bréidín a dhéanamh dhí. Tá go mhaith arsa bean tabhair gach rud agaibh atá ag teastáil
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dara Ó Conghaile
    Gender
    Male