Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_021
- XML “Scéal Barúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do sníomh agus gach rud a dhéanamh leí mar do bheadh ag teastáil uatha. Tamall maith san oidhche do bualadh an doras aice agus do chuaidh sí go dtí an doras agus d'oscail sí é agus ní fhacha sí tada go ceann tamaill mhaith agus sa deire do chonnaic sí solós beag uaith agus céard do bhéadh ann acht na mná sidhe do bhí ag teacht go dtí í i gcomhnuidhe. Tamall gearr 'na dhiaidh sin do bualadh an doras aríst agus d'oscail sí é do tháinig na mná sidhe isteach agus do suidh siad síos ar an stól agus do caith siad féin agus fear an tighe gal tobach. Annsin d'fhiafruigh siad do'n mnaoi an fuair sí an t-éadach. Dubhairt an bhean go bhfuair agus dubhairt siad féin gho sníomhfadh agus go gcárdáileadh siad an t-olann leis an bréidín a dhéanamh dhí. Tá go mhaith arsa bean tabhair gach rud agaibh atá ag teastáil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann