School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 06_022
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)diompair an t-asal síos an bheirt go dtí an loch. Chuaidh an táilliúr ar dhruim an sagart agus diompar an sagart é go dtí an poll. Chaith sé síos san bpoll é agus báthadh ann é. Deir na daoine o shoin nach ndeárna aon táilliúr aon mhagadh faoí aon sagart. Siad na gléasanna a bhíonn ag an táilliúr , inneall, siosúr, miosúr, snáth, ceirtlín, téip, cailc, snáthadh, spól, meireacán agus rudaí beaga eile a feileann dó. Déanann na mná na léinteacha agus na gúnaí. Is as éadach olna glas a dheineann siad na léintreacha do na fir. Is as máilín bán a dheanann siad na léintreacha do na fir, mná agus do na garsúin. Is as snáth a cniotáiltear na stocaí a bhíonn ar gach duine. Is amhlaidh a bhíonn siad bán ina mbéal tuas agus bán ina mbárr agus na sála. Fághann siad an snáth as olann a bhíonn aca féin agus déanann siad na stochaí as sin. Tá túirne ag gach duine ins an áit mórán acht b'féidir ag duine nó ag beirt. Ní chaitheann shiad éadach áirithe ar aon ócaid acht b'féidir nuair a bhíonn siad ag dul go dtí bainis(continues on next page)
- Collector
- Micil Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú an Lisín, Co. Galway
- Informant
- Bairtle Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú an Lisín, Co. Galway