Imleabhar: CBÉ 0283

Dáta
1928
Bailitheoir
Suíomh
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0011

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    11
    cois baile uair éigin agus do thug sé órdughadh don chailín
    aimsire a bhí aige dul go dtí an tobar beannuighthe
    agus roinnt den uisge do thabhairt léi ar an dtobar san
    Catoiliceach ab ’eadh an cailín agus ní raghadh sise go dtí
    an tobar do. D’eirigh sé ar buile agus seo chun siubhail
    é féin agus canna uisge aige ceann ar aghaidh go dtí
    an tobar. Do líon sé an canna agus do tháinig
    tharnais abhaile de phreib. Do chuir sé an t-uisge
    sa chiotal agus do bhuail os cionn teineadh é agus
    ach dá mbeadh sé annsan go dtí lá Philib a’ Chleite
    ní bheirbheochadh an ciotal.
    Fé dheire do thóg sé an ciotal anuas agus dubhairt sé
    go ndéanfadh sé a chosa do nighe leis an uisge nuair

    ná féadfadh sé aon rud eile a dhéanamh leis.
    Nuair a chuir sé a dhá chois isteach san uisge
    do dóigheadh go smior an fear bocht agus ba dhóbair
    go marbhóchadh sé duine éigin.
    Níor bhac sé leis an uisge as san amach.
    Insan aimsir céadna agus a mhair Naomh
    Gobnait iseadh do mhair Naomh Abán go bhfiul clochar
    beag leis le feisgint ar Seana Chluain i mBaile
    Mhúirne. Táid ann adeir gur driotháir do Naomh
    Gobnait ab’ eadh Naomh Abán agus Crobhdhearg - naomh
    eile a bhí i gConntae Chiarraighe le h-ais Chlaedigh.
    Pé sgéal é do bhíodar a mbeirt ana bháidhiuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    19 Márta 1928
    Cineál míre
    Seanchas
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir