Volume: CBÉ 0283
- Date
- 1928
- Collector
- Location
![The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0413](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0413.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Main Manuscript Collection, Volume 0283, Page 0413
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOn this page
An Buachaill agus a Bhean (continued)
“Is sean-fhocal é "go smachtuigheann gach aoinne an bhean bhorb...”
(continued from previous page)413
An chéad mhaidean taréis eirighthe dhóibh bhí an
buachaill ag caitheamh a bhreicfeasta sa chistin agus
bhí an bhean ag tindeáil air go cúramach."
Níor bhfada gur tháinig an choilea é ar lic
an dorais agus do thosnuigh sé ar ghlabhach go
ar séirse agus do raghadh gach aon ghlaodh aca
siar tré chul do chinn le neart an uchtaigh
a chuireadh sé leo.
Ní dubhairt an buachaill focal as a bhéal
ach do rug sé ar an sgiain aráin agus do chaith
sé leis í d’urchar díreach.
D’aimsig sé a dteorainn a chinn agus a mhuiníl
é leis an sgéain agus do sgar a cheann agus a
cholainn le na chéile theis an iarracht san.
"Cadé sin á dhéanamh agatt" arsan bhean leis
cocall uirthe chuige
agus
"Ó," arsan buachaill, "an cleas céadna g
a bhíonn agam le gach aoinnidh a chuireann
fearg orm, agus an rud a dhéanfainn bat
féin dá gcuirfeá chuige ma."
Ní dubhairt sí seadh na Ní h-eadh ach cubhadh
chúiche agus lán a croidhe d’eagla uirthi roimis.(continues on next page)