Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Mhaire chuadhar isteach i dtig um thráthnóna...”
(ar lean ón leathanach roimhe)427
é
"A dhriotháir ó agus a dhriotháir dhilis
dá mbeithea agam-sa cois na claidhe amuigh
Cois abhann brice nú cois abhann caoile
Nú cois na Tríopalla mar a thuiteann an oidhche
geobainn sgata ban óg do dhéanfadh tu caoineadh
Do ghoilfeadh Mháire, Cháith agus brighdhe
Agus dar ndóin do mháthair do thug súghadh
a croidhe dhuit
Agus fé mar atáim-se táim ar mo dhicheall
Tá mo bhrollach osgailte agus mo ghruad siar síos leom
Mise go deorach agus gan eolas na slighe agam."
Annsan do léim an driotháir ón mbórd agus
dubhairt sé. Dar ndóigh a dhriofúr tá
eolas na slighe agam-sa agus téanamh ort."
D’imthigh sé tharnais go Ciarraidhe agus
d’fhág sé an Chorcaigheach Mná na dhiaidh.
(gabha a tháinig é Chiarraidhe go Corcaigh ag
Lorg oibre agus bhuail uime baintreabhach mná agus
ceardcha aici. Phos sé í. Taréis tamaill dh’imthigh a
dhriofúr ar a thuairisg agus leig sé air bheith marbh.