Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)429
Éist a bhean Is ná habhair an méid sin
Mar ná fuil sí imthighthe uainn i n-aonchor
Tá sí dá muineadh ann gach baile i n Éirinn
Agus beidh sí againn feasda chómh h-aibidh agus is seidir.
é
Má théighir go Maghchromtha nú an bhanndain taobh léi
Tá an ghaedilg dá labhairt sa Connradh le chéile
Tá sé i gCorcaigh dá muineadh ag Stún dúin agus
ag Pléimeann
Agus thiar i mBaile Mhúirne mar a labharann
gach n-aon í.
Is gach baile eile ró-fhada le h-aireamh
Dá bhfacfad ó dhoinn go muinntir mara
Ach amháin an seoinin atá gan naire
an focal na phlac ac an Bhéarla iar saibh.
é.
Ar aireacht an méid seo don ainnir mhánla
do druid sí am choinne agus do stuig ar laimh orm
D’athruigh a cló is a shnuadh sa gháire
Is d’imthigh sí uaim go ró- mhórdhalach
"Ó, anois a sheoinin tagadh ort naire
Is nuair a fhillfidh airís an siogan aluinn
Bíodh agat an ghaedilg ar thaobh do chába
Is go gcuirfeadh dia an rath 'sasean
go bráth ort."