Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 130
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is é Largan an baile in a bhfuil mé in mo chomhnuidhe. Tá sé suidhte i bparróiste Turloch agus i mbarúntacht Carra. Tá naoi dtighthe i Lárgan anois agus do bhí rí ina comhnuidhe ann fadó. Bhí dun aige ann. Aon teach déag bhí ann fadó. Tá seacht dtighthe ann agus daoine de sloinne Mac Éil atá na gcomhnuidhe ionnta. Tugadh an t-ainm sin Lárgan air mar tá sé i lár na sléibte.Tá beirt shean-fhear os cionn 70 bliadhain d'aois ann - Risteard Mac Éil agus Sean Mac Éil is ainm dóibh. Fear beodha brioghmhar is ead Risteard. Is air a bíos an gliondar ag dul go Ros le h-aghaidh a pensiun gach Aoine.Maidin amháin nuair a bhí Sean Mac Éil ag tabhairt aire des na buaibh do shuid sé fé bun carraige ag bun an chnuic. Bhí sionnach ina shuidhe ar bhárr carraige eile agus do chonnaic sé ceann Sheáin, do rith sé shíos agus de léim sé suas ar ceann Seáin mar do ceap sé gur cearc a bhí ann. Bhí a lan daoine i Lárgan fadó acht tá said imthighthe as go Sasana agus America agus tá siad pósta annsan.Bhí sean-bhean ina comhnuidhe i Lárgan darb ainm dí Brighid Thomáis Mhóir. Tá sé na comhnuidhe i Sean-Bhaile anois. Tá sí ós cionn 80 bliadhain d'aois. Tá sí in-ann scéalta a innsint i nGaedilg.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Nic Éil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain, Co. Mhaigh Eo