Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Scéal - Spailpíní Chonamara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    beóir, agus sac agus leann dubh duit as an uisge. Fágh baraille follamh dom - líon é le uisge agus fágh tarrachar dom. Cuirfidh mé sé pholl sin mbairille, cuirfidh tusa do mhearacha isteach ionnta, trí mheár don láimh dheis agus trí mhear den láimh chlé. Théis deic noimeadh cuirfidh mise sé steallaire isteach san mbairille ins na sé pholl agus cifidh tú féin an t-athrú."
    Rinneadh mar adubhairt an fear agus nuair a bhí sé mearaca na mná saidhte isteach ins na sé pholl a bhí san dabhach d'imthigh na spailpíní amach agus bhuail siad bóthar go Gaillimh.
    Nuair a thainic fear an tighe isteach san tráthnona, agus nuair a chonnaic sé an bhail a bhí ar a mhnaoi is beag nar thuit an t-anam as. Shil sé ar an bpoinnte boise go raibh sí as a céill agus chuir sé fhios ar an sagart agus ar an dochtuir. Bhí curra druileach ina mearacha go dtí maidin lá ar na bhaireach de bharr fuacht an uisge.
    Lasg an triur spailpín leo go Gaillimh agus ghlacadar lóistín i dteach ósta mór ann. Bhí seomra fá leith ag gach aon duine aca. Shiubhaladar amach san
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Teanga
    Gaeilge