Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tráthnona agus chas siad lel socruid ag dul ag an reilg. Chuaidh an triur aca go dtí an reilg agus chonnaic siad an uaigh áit a raibh an corp curtha. I ndorcadas na h-oidhche thainic siad ag an uaigh airíst agus laigheanna agus sluasad aca. Thóg siad an connra agus bhaineadar na cosa den fear a bhí marbh agus thugadar leo iad. Chuaidh siad isteach ins an teach ósta agus chuir siad cosa an fhir mhairbh faoi ceann do na leabhtacha. D'eirigh leis an fear a bhí sa seomra sin ealdodh amach ar uair an mheadhon oidhche i ngan fhios do chuile dhuine a bhí sa teach osta acht amháin an bheirt eile. Bhí a fhios aca san go maith gur ealuigh seisean amach mar bhí an cluiche nu an seift seo deanta suas aca triur. Ar maidin nuair nach raibh an triú fear le fáil bhí an bheirt eile ag clamhsan agus chuaidh duine aca suas san seomra a raibh sé ann, in eindigh le fear an tighe ósta. Ní raibh an triú fear ann, acht bhí (?) bríste leis ann agus peíre stocaí. Fritheadh na cosa faoi an leabaidh agus dubhairt siad annsin le fear an tighe osta gur mharbhuigh seisean a gcara agus go gcuirfeadh siad i bpriosún é. Rinne fear an tighe, an ostóir(leanann ar an chéad leathanach eile)