Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal an Fhiolair”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)40/
einne do leigint do'd phógadh, agus anois do leigis den madra thu phógadh. Thugas abhaile thu saor sábháltha ó dhíbhfeirg (?) m'athar, agus conus a thabharfaidh mé m'agaidh ar m'athair anois."B'shin é an uair a chuimhnig an t-Óigh-fhear - an MacRíogh, uirthi. "Á!" ar seisean, "Tá an ceart agat: is tusa mo mhaoidhean agus ní bheidh aon bhean agam ach tusa." Níor labhair an cailín focal eile, ach nuair d'fhéachadar uirthi thar nais is amhlaidh a dhein sí fiolar beag di féin, agus d'eitill sí an doras amach agus í ag sileadh deor go brónach, agus n'fheacadar ó shoin í.(Críoch)Máighréad Ní Dhéada 14 bl. do scríg ó bheal aithris Peats d'Mórdha - 89 bliana (gan teideal)
“Addition do chealg me 's do chrádhuig mo chroidhe.”
Deirtear gur buachaill de Mhuinntir Chonnaill do dhein é seo fadó agus é dul ar scoil a triall ar Máighistir garb ainm do - "An Píopaire Beag". Scolaire bocht do b'eadh an "Píopaire Beag."
Addition do chealg me 's do chrádhuig mo chroidheAddition faid a mhairfidh mé, 's go raghaidh mé an chíllNíor dheacra na clocha glasa do thabhairt aníos ó'n dtúint (?)Ná an t-Addition do chur greamuithe am mháinléad chinn (?)
Éamon Mac Gearailt - ó'n Lios - Breanndan, 60 bliain- Faisnéiseoir
- Éamon Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí