Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gleannta an Leith-Triúig
-----
I.
Casadh iar mo phroinn i gcóir mo stoic d'feuchaint
Maidin bhóg fhoghmhair 's gan ceo ar na maol-chnuic
Mar a leathtar ba Uí Dhomhnaill, na hOrdaig, 's na léighsig
Aragleann ar m'eolas 's gan leoithne ó'n aer ann.
II.
Aragleann ar m'eolas cois móir chnuic na géimneach
Mar a mbíonn seagal agus póire 's gach sórt eile léise
Níor chás do Ríogh Seoirse ná dá fhórsaí le na chéile
Ar leagadh de mhiasa ar bórd ann, i gcóir chaithte an lae sin.
3.
Tá Gleanntáinín aoibhinn idir Fhionnt-Sáis 's Flann Thuaidh
Mar a bhfuighinn admad mo tighe ann, agus fuighleach den gcrann dair
Idir lochta 's bíoma 's dá aoirde chuirfinn ceann air,
'S gur scuab sé an barr timpeall ó choilltibh 's ghleannta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí