Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 06_013
- XML “Toibreacha Beannaithe”
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus Naomh Chinn Dheirge atá luaidhte le tobar Chinn Dheirge. Níor leighiseadh aon duine ariamh ag aon tobar dhíobh seo. Fágann na daoine pighneacha ag na toibreacha seo uaireannta. Níl crann ar bith ag fás le na dtaobh acht féar agus biorlaí. Uair amháin ins an Samhradh nuair a bhí an tuisce go an-ghann thug bean uisge as tobar Chinn Dheirge le na fataí a bhruith dhi agus ní bhuireadh na fataí dí dá bhfhagadh sí thíos iad ar an teine go dtí indiú.
- Bíonn muid ag imirt cluichí ar feadh sgathaimh de'n bhliain. Bíonn muid ag imirt sgreaga, ag bualadh cead, ag bualadh liathróid, ag caitheamh cloch neairt, ag tóruidheacht coininí, agus ag marbhughadh éanlaith. Bíonn muid ag imirt sgreaga ins an bhfhoghmhar. Bíonn chúig cinn de chlocha beaga cruinne ag gach duine agus nuair a thosochaidh tú ar dtús beidh tú ag imirt nó go gcáillfidh tú. Is é an uair a cháilleadh tú nuair a thuiteas ceann de na chúig sgreaga(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann