Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá trí toibreacha beannuighthe san oileán seo. Seo iad íad, tobar Isleamáin atá shíos in aice le ceánn gainimhe tobar chinn deirge atá taobh thuas de'n séipeal agus tobar Ceanannach atá thoir ag an reilig san teampall. Deirtear faoí thobar Isleamáin go dtháinig Naomh Isleamáin i dtír úair amháin ann agus gur ól sé deoch as, agus tá lorg a dhá lámh agus a dhá glún ann ó shoin. Deirtear faoí thobar Chinn Deirge gur thug fear aon úair amháin uisce as le chur sa túlán agus deirtear nar fhiuch an t-uisce dhó. Ní thugtar aon turas ar thobar Isleamáin, acht tugtar turas ar thobar Chinn Dheirge ar an cúigadh lá déag de Lughnasa. Ní tugtar aon turas ar thobar Ceanannach ach oireadh. Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt turas téigheann síad timcheall seacht n-uaire agus tugann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Flaithbheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Fláithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe