Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 04_004
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 21adh Mí na Nodhlag 1938
Bhí fear ann fadó é fhéin agus a bhean a bhí ina gcomhnuidhe i dteach beag inaice an dúin ar an taobh thiar de'n oileán. Bíodar an bhocht agus Oidhche Shamhna dubhairt an fear le na bhean "Faraoir nach bhfuil mhuid saidhbhir, thuibhrfhad muid cuid mhaith airgid dos na bocht agus biadh do'n ocrach agus gach rud mar sin do gach duine"
Tráthamhail go léor cé bhead ag'ul thart ach sidheóg bheag agus d'airigh sí an fear ag cainnt mar a dubhras cheana. Nuair a bhí deire ráidhte ag an bhfear dimthigh an sidheóg isteach ins an dun agus thud sí amach rúinnt beag feola sórta de mhuicfeoil agus thug sí isteach aca é agus dubhairt sí leo "Seo rúinne beag feola díbh." Faraoir gan é greamuighthe dod shróin" adeir an fear léi. Annsin ní raibh an focal acht as a bhéal nuair a léim an fheoil as láimh na sidheóige agus ghreamuigh sé dhá sróin agus bhí sé chómh te sin is gur thosuigh sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micil Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe