Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 08_022
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí naonmhar fear i gConamara na gcomhnaidhe lé chéile agus bhí bád aca. Bhí an mhóin go h-an fhairsing an bhliadaoin seó. Bhí an fhairrge go h-an chuin leis agus shocruigh beirt aca go ngoach siad lé móin go Gaillimh. Aon lá amháin chuir siad go leor móna síos ag an gcaladh agus bhí an oidhche ann nuair a bhí an bád luctuighthe leis an móin aca. Bhí siad le seolad an lá ná dhiadh dá mbeadh sé go breágh. Tháinig an lá ná dhiadh sin go breagh mar ba mhait leó acht bhí rud beag ceó ann. Mar sin féin chrocadhar na seolta agus sheoladar leó. Nuair a bhí siad leath-bheallaigh go Gaillimh thosuigh an ceó ag teacht timhceall ortha. Nuair a bhí siad ag ceann bóirne ní fhocuig siad tallamh ar bith acht ceó. Is annsin thosuig an baisteach agus dhárdhuigh an fhairrge. Chuaidh duine aca amach 'un thosuig don mbád leis an seól tosaig a fháisgeodh. Nuair a bhí sé ag fáisgead an tseoil tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peadar Ó Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Fáthartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú an Lisín, Co. na Gaillimhe