Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 07_050
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí currach as an Oileán seo lá ag iascach timhceall aimsir an chogaid mhóir agus bhíodar amuigh ag ceann na bfaochan agus nuair a bhí siad ag iascach chuaidh siad tamhall amach ar an doimhneacht agus nuair a bhí siad ag iascach sheas fear aca suas san gcurrach féachaint amach ar an bhfairrge agus dubhairt sé go bhfaca sé rud mór bán amuig san bhfairrge. Dubhairt sé leo bheith ag iomrádh amach agus shuidh sé féin síos ar an seas agus bhi sé ag iomrádh amach freisin. Bhí siad ag dul amach go maith agus déirigh an fear ceadna na seasamh aríst agus chonnaic sé an run céadna, ach bhí sé a bfad amach. Má bhí fhéin do coinigheadar ortha ag iomrádh agus ba ghearr go raibh siad glanta amach thar an Oileán. Ach bhí sé abhfad amach comh maith céadna.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Móinín na Ruaige, Co. na Gaillimhe