Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 10_005
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé féin agus beirt eile ag ias langaí go deireannach san oidhche. Ar chuma ar bith tainig ceo agus iad ar an bhfarraige. Ar deire tháinig siad i dtír ag an slip ar a dó dheag a chlog. Is ar bhaile an bhóthair a bhí siad ina gcomhnuidhe. Chonnaic duine aca dárbh ainm Seán Thomais fear ag 'ul isteach an t-srúir- áit atá taobh amuigh den slip agus bhí bhás cóta bán air. Nuair sé istigh ag an slip, tháinig sé anuas ag an gcurrach. D'fhiafruigh sé dhíobh an raibh mórán iasc aca agus dinnsighedar dó sin. Annsin d'imthig sé síos tráigh leithreach agus d'imthig sé as amharc ar fad ar deire. Acht ar chuma ar bith roinneadar an t-iasg agus chuadar abhaile gach duine go dtí na theach fhéin. Acht ní raibh Sean Thomais i bhfad ina codladh gur airigh sé rud ag siubhal(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micil Ua Fáthartaigh
- Inscne
- Fireann