Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 07_045
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ag cuartach raic síos, Ceann Gainme. Nuair a bhí sé ag dul síos ag an loch connaic sé fear ag dul anuas an Muirbheach agus mada in Einfeacht leis. Bhí eagla mór air. Rith sé síos treasna an lócha agus is beag nár báitheadh é. Chuaidh sé síar an tráigh agus é ag rith. Do bhreatnuigh sé na diaidh agus do chonnaic sé an mada ag snámh thríd an loch. Do rith sé síos go dtí an fhairrghe agus chonnaic se buidéal ar an tráig. Do thóig sé é agus do rith sé síos. Nuair a bhí sé ag dul síos tamall an tráigh, do chonnaic sé mada ag rith chuighe. D'aithin sé an mada 'ba é a mhada fhéin é a bháith sé cupla lá roimhe sin. Do lean an mada é tamall beag agus d'imthigh sé annsin uaidh. Do chuaidh an fear siar dtí an caladh mór. Do fuair sé barr aille annsin agus chuaidh sé suas san garraí ag glaodhac ar a driothír leis an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Móinín na Ruaige, Co. na Gaillimhe